Óró Sé Do Bheatha Abhaile

Music: Trad Irish Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn do dhúiche bhreá i seilbh meirleach 's tú díolta leis na Gallaibh. Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile óglaigh armtha léi mar gharda, Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh 's cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh. Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch ag fógairt fáin ar Ghallaibh. Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh. Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Oró, sé do bheatha abhaile, Anois ar theacht an tsamhraidh.